Lynda Lemay
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Iúil 1966 58 bliana d'aois Portneuf, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Cumadóireacht |
Gairm | amhránaí, giotáraí, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1989 – |
Seánra | Rac-cheol |
Uirlis | Ceol gutha |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | lyndalemay.com |
Amhránaí agus cumadóir Fraincise ó Québec is ea Lynda Lemay, a rugadh ar an 25 Iúil 1966. Tá clú uirthi de bharr a cuid amhráin scéalaíochta, agus faoi Feabhra 2015 bhí ceithre mhilliún albam díolta aici.[1].
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig suim aici i scríbhneoireacht agus í óg go leor. Ghnóthaigh sí duais mar amhránaí agus chumadóir ag Féile Idirnáisiúnta Amhránaíochta Granby as La Veilleuse. D’eisigh a céad albam, Nos Rêves, in 1990, agus ceithre bliana ina dhiaidh sin chuir sí amach Y, a ghnóthaigh diosca dúbailte platanaim di. In 1996 chuala Charles Aznavour í agus chuir faoina choimirce í.
Chuir na Francaigh aithne uirthi de bharr La Visite agus as sin amach d’éirigh go maith lena cuid dioscaí agus ceolchoirmeacha. In 2005 chuir sí a ceoldráma tíre Un éternel hiver i láthair an phobail.
In 2012 d’ainmnigh an tAire Cultúir Frédéric Mitterrand mar Chevalier des Arts et des Lettres í.
Albaim agus eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nos rêves 1990
Y 1994
La visite (singil) 1995
Lynda Lemay 1996
Lynda Lemay 1998
Live 1999
Du coq à l'âme 2000
Les lettres rouges 2002
Les secrets des oiseaux 2003
Un paradis quelque part 2005
Un éternel hiver (ceoldráma tíre) 2006
Ma signature 2006
Lynda Lemay 40/40 (DVD) 2007
Allô, c'est moi 2008
Blessée (albam) 2010
Best of 2011
Feutres et Pastels 2013
Le cloisteáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lynda Lemay - La veilleuse [1]
Lynda Lemay - L'architecte [2]
Lynda Lemay - De l'autre côté de la vitre [3]
Lynda Lemay - J'ai 38 ans [4]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ lynda lemay, sur le site lyndalemay.com du 3 février 2015